Energy Policy

 
We are committed to the provision of a vibrant sustainable campus environment, rich in learning, culture, heritage and nature, with modern inclusive facilities and infrastructure commensurate with the needs of a growing community of students, staff and visitors. We are committed to showing leadership in sustainability and care of the environment, and continuous energy performance improvement across campus buildings.
We aim to deliver this through;
 

  • raising awareness of the importance of energy efficiency at all levels of the organisation, promoting the concept that a sustainable campus involves all parts of the community to act collectively, including staff, students and service providers;
  • the communication of the Energy Policy and active promotion of good practice in the conservation of energy across allcampus users, through staff and student energy awareness campaigns, and encouraging active engagement for continuous improvement of energy use across the community;
  • provision of staff education and training to support positive attitudes and behaviours towards efficient energy usage and to foster a shared responsibility for the optimum development of a sustainable campus community;
  • the implementation of a structured energy management programme and IS050001 Energy Management Systems, advancing initiatives designed to achieve the national energy efficiency improvement target of 33% by 2020,  and beyond;
  • The continuous roll-out of an integrated centralised energy management system to provide more accurate control and monitoring of building systems, the definition of specific energy conservation plans, clear energy  objectives, data collection, monitoring and review procedures;
  • allocation of adequate resources to enable the successful implementation of the Energy Policy and compliance with relevant building regulation, energy legislation, legal and other requirements;
  • targeted investment in the roll-out of sustainable design measures in new construction and building refurbishment, incorporating Near Zero Energy Building design, high energy efficient plant, systems and strategies;
  • careful consideration of building energy efficiency, life-cycle costs and opportunities to showcase sustainability as part of the decision-making, procurement and building design development  processes;
  • the reduction of our carbon footprint through the promotion of renewable energies and energy efficient technologies, and through initiatives aimed at reducing dependency  on primary fossil  fuels.
  • the periodical review of the Energy Policy to reflect energy performance progress, national energy targets and planned developments,  and will be ideally reviewed every 3 years.​

Beartas Fuinnimh

Táimid tiomanta do thimpeallacht bhríomhar inbhuanaithe a chothú ar an gcampas, timpeallacht shaibhir foghlama, cultúir, agus nádúir ina mbeidh áiseanna nua-aimseartha ionchuimsitheacha agus bonneagar a dhéanann freastal ar riachtanais na mac léinn, na foirne agus chuairteoirí - pobal atá ag méadú. Táimid tiomanta do cheannaireacht a thaispeáint maidir le inbhuanaitheacht agus cúram na timpeallachta, agus feidhmíocht leanúnach fuinnimh a fheabhsú sna foirgnimh ar an gcampas.

Tá sé mar aidhm againn na spriocanna seo a chur i gcrích trí:

  • eolas a scaipeadh ar thábhacht éifeachtúlacht fuinnimh ag gach leibhéal den eagraíocht, tabhairt le fios go bhfuil campas inbhuanaithe ag brath ar gach duine sa phobal, an fhoireann, na mic léinn agus soláthraithe seirbhísí, ag obair as lámh a chéile;
  • an Beartas Fuinnimh a scaipeadh ar úsáideoirí uile an champais agus dea-chleachtas i leith caomhnú fuinnimh a chur chun cinn, trí fheachtis ar fheasacht fuinnimh a chur ar siúl dírithe ar an bhfoireann agus ar mhic léinn, agus rannpháirtíocht ghníomhach a spreagadh chun feabhas leanúnach ar úsáid fuinnimh a dhéanamh sa phobal;
  • oideachas agus oiliúint a chur ar an bhfoireann chun tacú le dearcadh agus iompar dearfach i leith úsáid éifeachtúil fuinnimh agus chun freagracht chomhpháirteach a spreagadh ar mhaithe le forbairt bharrmhaith a dhéanamh ar champas inbhuanaithe;
  • clár struchtúrtha bhainistíocht fuinnimh agus Córas Bainistíochta Fuinnimh ISO50001 a chur i gcrích, le tograí i leith éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, chun an sprioc náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú faoi 30% faoin mbliain 2020 agus níos faide anonn;
  • córas comhtháite láraithe ar bhainistíocht fuinnimh a chur i bhfeidhm go leanúnach chun rialú agus monatóireacht níos fearr a dhéanamh ar chórais tógála, ar phleananna sonracha i leith caomhnú fuinnimh, ar spriocanna soiléire fuinnimh, ar bhailiú sonraí, agus nósanna imeachta monatóireachta agus athbhreithnithe;
  • dóthain acmhainní a sholáthar chun an Beartas Fuinnimh a chur i bhfeidhm go rathúil agus rialúcháin ábhartha tógála, reachtaíocht fuinnimh agus riachtanais dlí agus riachtanais eile a chomhlánú;
  • infheistíocht spriocdhírithe do bhearta deartha inbhuanaithe i dtógáil nua agus in athchóiriu foirgneamh, ina bhfuil dearadh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh, le foirgnimh, córais agus straitéisí atá an-tíosach ar fhuinneamh;
  • breathnú cúramach ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar chostais saolré agus ar dheiseanna chun inbhuaintheacht a thaispeáint mar chuid den phróiseas cinnteoireachta, soláthair agus dearadh tógála;
  • an lorg carbóin a laghdú agus fuinneamh in-athnuaite agus teicneolaíocht atá tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn, agus trí thograí a bhfuil sé mar aidhm acu an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú.
  • athbhreithniú tréimhsiúil ar an mBeartas Fuinnimh chun dul chun cinn i leith feidhmíocht fuinnimh, na spriocanna náisiúnta fuinnimh agus forbairtí beartaithe a léiriú, agus go hidéalach déanfar athbhreithniú gach trí bliana.​

      Energy Policy