Welcome to the School of Law and Criminology at Maynooth University

Our aim at the School is to provide students with a world-class legal education, which is grounded in an appreciation of global social, economic, and cultural contexts and challenges. At the School of Law and Criminology, we will equip you with all of the core attributes required of the legal graduate, developing your problem-solving, advocacy, and legal writing skills. However, your studies here will take you far beyond the traditional legal curriculum. We will offer you critical insights from a range of other disciplines, including politics, psychology, economics, and sociology. You will also be exposed to the operation of the law in practice, through engagement with legal firms, public and private sector organisations, and community and voluntary groups. In short, we will ensure you gain an appreciation of the role of the law in everyday social, economic, and cultural life.

Fáilte chuig Scoil an Dlí agus na Coireolaíochta in Ollscoil Mhá Nuad

Tá sé mar aidhm againn i Scoil an Dlí agus na Coireolaíochta oideachas den chéad scoth a chur ar ár mic léinn atá fite fuaite le tuiscint ar dhúshláin agus ar chomhthéacsanna domhanda sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha na linne seo.  Sa Scoil seo, tabharfaimid duit na croí-scileanna go léir a theastaíonn ón gcéimí dlí, agus forbrófar do chuid scileanna ó thaobh fadhbanna a réiteach, abhcóideacht a dhéanamh agus scríbhneoireacht dlí a thabhairt chun foirfeachta. Déanfaidh tú staidéar ar i bhfad níos mó ná an gnáthchuraclam dlí anseo, áfach. Tabharfar léargais chriticiúla duit a bhaineann le raon disciplíní eile, lena n-áirítear an pholaitíocht, an tsíceolaíocht, an eacnamaíocht agus an tsocheolaíocht. Feicfidh tú an dlí á chur i bhfeidhm i ndáiríre freisin, trí theagmháil le gnólachtaí dlí, le heagraíochtaí sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí agus trí ghrúpaí deonacha agus pobail. Go hachomair, déanfaimid cinnte de go bhfaighidh tú tuiscint ar ról an dlí sa ghnáthshaol sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha.