NUIM logo

search | sitemap | accessibility

The Language Centre

Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (ar líne)

Postgraduate Diploma in Translation and Editing (online)

Is cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain é seo do dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna aistriúcháin. Díreofar sa chúrsa ar ghairm agus ar ghnó an aistriúcháin, ar theoiric agus ar chritic an aistriúcháin, mar aon le cruinneas Gaeilge agus cúrsaí stíle.

Cuirfear fáilte roimh iarratais ar an chúrsa a thosnóidh i Meán Fómhair 2012.

Táille: €2,000 sa bhliain.

Seo cur síos mion ar an gcúrsa.
Seo eolas faoin scrúdú iontrála.

Féach an Scrúdú samplach iontrála seo.

Déantar iarratais ar an gcúrsa seo ar www.pac.ie.

Scoláireachtaí

Bronnfar scoláireachtaí ar fiú táillí iomlána an chúrsa iad (€2,000 sa bhliain ar feadh dhá bhliain) ar an bheirt is fearr a chruthóidh i scrúdú iontrála 2012.

  • scrúdú iontrála - Dé Sathairn, 15 Meitheamh 2012
  • tús an chúrsa - 17 Meán Fómhair 2012
  • spriocdháta do d'iarratas - 01 Meitheamh 2012

Duais

Bronntar 'Duais Uí Dhoibhlin i Léann an Aistriúcháin' ar an té a ghnóthaíonn an marc is airde sa Dioplóma Iarchéime. Ainmníodh an Duais in ómós don Mgr. Breandán Ó Doibhlin, scoláire de chuid Mhá Nuad a bhfuil saothar suaithinseach aistriúcháin déanta aige ar théacsanna diagachta agus ar shaothair liteartha araon.

Tuilleadh eolais faoin gcúrsa seo: 01-7086417