Gradaim iarchéime bronnta ar bheirt mhac léinn de chuid chláir aistriúcháin Lárionad na Gaeilge

Ar chlé: Aoife Ní Ghloinn, Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge; Muiris Ó Fiannachta, buaiteoir Dhuais Uí Dhoibhlin; Máirín Nic Con Iomaire, stiúrthóir na gClár aistriúcháin i Lárionad na Gaeilge. Ar dheis: Micheál Ó Maoilchiaráin a bhuaigh Duais TK Whitaker don Ghaeilge;
Tuesday, December 19, 2023 - 14:15

Tá lúcháir ar Lárionad na Gaeilge a fhógairt go bhfuil Duais an Dr TK Whitaker bainte amach ag mac léinn iarchéime de chuid Lárionad na Gaeilge, Micheál Ó Maoilchiaráin.  Bronntar an duais náisiúnta seo le haitheantas a thabhairt don tráchtas MA is fearr sa Ghaeilge in institiúidí Ollscoil na hÉireann. Mar chuid den tráchtas seo, a rinneadh faoi stiúir an Dr Brian Ó Catháin, cuireadh Gaeilge ar shaothar cáiliúil Beatrix Potter, The Tale of Peter Rabbit.  Ní hamháin gurbh é seo an chéad uair a aistríodh an scéal seo go Gaeilge ach cuireadh dhá leagan den aistriúchán ar fáil mar chuid den tráchtas, leagan caighdeánach agus leagan canúnach. Táthar ag súil go mbeidh an saothar seo ina threoir agus an chuid eile den tsraith seo leabhar de chuid Potter á n-aistriú, amach anseo. 
 
Tréaslaíonn Lárionad na Gaeilge chomh maith le Muiris Ó Fiannachta, atá tar Duais Uí Dhoibhlin i Léann an Aistriúcháin 2023 a shaothrú, as an marc is airde a bhaint amach sa Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht in 2023.   Tá an duais seo ainmnithe in ómós don scoláire, scríbhneoir agus aistritheoir ceannródaíoch, An Monsignor Breandán Ó Doibhlin, a d’imigh ar shlí na fírinne i mí Mheán Fómhair na bliana seo.  Ollamh le Nua-theangacha in Ollscoil Mhá Nuad ab ea an Doibhlineach agus fear a bhí ar thús cadhnaíochta i léann an aistriúcháin i gcomhthéacs na Gaeilge. 
 
 
 Is cúrsa páirtaimseartha dhá bhliain ar líne é an cúrsa seo, a chuireann ar chumas rannpháirtithe ardscileanna teanga a bhaint amach an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus Eagarthóireacht, atá dírithe ar mhic léinn a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu cheana féin, agus ar mhaith leo barr feabhais a chur ar na scileanna sin. Tugtar rogha do mhic léinn tráchtas a scríobh sa tríú bliain chun cáilíocht MA a bhaint amach.  . Tá céimithe de chuid an chúrsa na gcúrsaí seo ag obair i réimse leathan ról – mar aistritheoirí, léitheoirí profaí, eagarthóirí, dlítheangeolaithe, oifigigh Ghaeilge, múinteoirí agus léachtóirí, cuir i gcás.  Tá poist bainte amach acu in institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh, i ranna agus eagraíochtaí Stáit, i ngníomhaireachtaí aistriúcháin, i scoileanna agus ollscoileanna, sna meáin, agus i gcomhlachtaí foilsitheoireachta. 
 
 
Beidh Lárionad na Gaeilge ag glacadh le hiarratais ar an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus Eagarthóireachta a bheidh ag tosú i mí Mheán Fómhair 2024 chúrsaí 2024-25 san earrach agus is é mí Iúil an spriocdháta le cur isteach ar an gcúrsa gach bliain. Tá tuilleadh eolais faoin gcúrsa ar fáil ar shuíomh an Lárionaid.