Seo cúrsa nua atá á thairiscint ag Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann Má Nuad. Tá sé bunaithe ar an gcúrsa Teastas i Múineadh na Gaeilge a bhí á reáchtáil ag an Ollscoil le 5 bliana anuas. Bunaithe ar an gcúrsa teastais seo, agus ar thaighde ar an dea-chleachtas Eorpach agus idirnáisiúnta, tá Dioplóma nua Ollscoile á thairiscint ó mhí Mheán Fómhair 2012. Tá an Dioplóma á thairiscint le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.
Cuirfear béim láidir sa Dioplóma ar an gcleachtadh teagaisc sa seomra ranga. Beidh béim ar an bhféin-anailís, ar an bpiar-mheasunú agus ar thacaíocht phraiticiúil don mhúinteoir.
AchoimreFreastal agus teagasc
Obair an chúrsa
|
Beidh ar rannpháirtithe freastal ar 10 gceardlann i rith thréimhse an chúrsa. Déanfar cur i láthair sna ceardlanna ar ábhar an chúrsa. Beidh na ceardlanna ar siúl ar Shatharn ó 9.30 a.m. – 4.30 p.m. Beidh béim láidir ar an idirghníomhaíocht sna ceardlanna agus tabharfar deis do rannpháirtithe smaointe a roinnt agus tuairimí a mhalartú.
Bainfear úsáid as taifeadtaí na múinteoirí féin den seomra ranga chun cur leis an bplé sna ceardlanna agus cuirfear deiseanna ar fáil do mhúinteoirí comhairle na rannpháirtithe eile a lorg maidir le gnéithe ar leith dá gcuid teagaisc.
Beidh ar rannpháirtithe an chúrsa 40 uair an chloig teagaisc a dhéanamh le linn an chúrsa. Is faoi na rannpháirtithe féin atá sé an cleachtadh teagaisc sin a eagrú.
Beidh ag gach rannpháirtí fillteán teagaisc a choinneáil le linn an chúrsa. Obair leanúnach atá i gceist leis an bhfillteán seo agus beidh sé bunaithe ar na ceardlanna, ar an bpleanáil ranga agus ar an bhféin-anailís ar an teagasc.
Beidh dhá thionscnamh le déanamh ag rannpháirtithe le linn thréimhse an chúrsa. Beidh na tionscnaimh seo bunaithe ar an anailís a dhéanfaidh siad ar a gcuid teagaisc.
Chun áit a fháil ar an gcúrsa beidh ar iarrthóirí (i) caighdeán sásúil Gaeilge a léiriú; (ii) agallamh a dhéanamh.
Beidh ar iarrthóirí scrúdú B2 (nó os a chionn) de Theastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach. Beidh ar a laghad 70% ag teastáil i ngach scil. Cuirfear scrúdú ag leibhéal B2 ar iarrthóirí san Ollscoil ar an Satharn 30 Meitheamh. Beidh ar gach iarrthóir freastal ar an scrúdú seo. Beidh an t-agallamh ar siúl an lá céanna.
Is féidir teacht ar fhoirm iarratais anseo.
Dáta deiridh iarratais 1 Meitheamh
Scéala faoi agallamh 15 Meitheamh
Scrúdú iontrála agus agallamh 30 Meitheamh
Beidh 5 cheardlann eile ar siúl idir Eanáir agus Aibreán 2013.
Tá an cúrsa seo á chur ar fáil le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Beidh an cúrsa saor in aisce dóibh siúd a shásaíonn na critéir iontrála agus n-éiríonn leo áit a fháil ar an gcúrsa. Beidh táille €200 le híoc chun clárú don chúrsa ach déanfar an táille seo a aisíoc ar chríochnú an chúrsa go sásúil.
(086) 401-5318