National University of Ireland, Maynooth

National University of Ireland, Maynooth
View of the Spire of the college chapel
Skip main navigation and go directly to page content

 

Official Languages Act / Acht na dTeangacha Oifigiúla

Aighneachtaí / Submissions

Welcome to the University’s information home page regarding the implementation of the Official Languages Act 2003. On this page you will find all the necessary information that you need to inform yourself of the University’s obligations under the Act. However, if you have any queries or need assistance in any way regarding the Act please contact us and we will endeavour to help you in any way possible.

 

 

Aighneacht - dara Scéim Teanga – OE Má Nuad

sceim.teanga@nuim.ie

15 Bealtaine 2008

 

Baineann m’aighneacht leis an suíomh idirlíne atá ag an ollscoil. Is dócha go bhfuil an suíomh ina chéad phointe teagmhála do dhaoine chun eolais a fháil faoin ollscoil. Ach tá beagnach gach rud ar an suíomh as Béarla amháin.

 

Ar an gcéad dul síos, is é nuim.ie an seoladh amháin, níl seoladh Ghaeilge ann chun dul díreach chuig an leagan Ghaeilge den suíomh.  Níl fo-leathanach ann ach oiread le rogha a thabhairt duit idir úsáid na Gaeilge nó Béarla roimh dul isteach an tsuímh. Dá bhrí sin caithfidh tú dul go dtí an leagan Bhéarla den suíomh i dtosach chun rochtain a fháil ar an leagan Ghaeilge.

 

Nuair atá an leagan Ghaeilge bainte amach agat, an bhfuil sé ar comhchéim leis an leagan Bhéarla? Níl sé ar chor ar bith. Cé go bhfuil leagan Ghaeilge den príomhleathanach le fáil (gan na ceannlínte nuacht a bhíonn ar an leagan Béarla), seolann beagnach gach nasc ar an príomhleathanach Ghaeilge tú chuig leathanaigh éagsúla Bhéarla. Agus téann gach uile nasc ar an mbarra loingseoireachta (an t-eolas is tábhachtaí ar an suíomh) go dtí leathanach Bhéarla:

 

Cúrsaí                                        - Béarla amháin

Mic Léinn Ionchasacha   - Béarla amháin

Mic Léinn Idirnáisiúnta    - Béarla amháin

Mic Léinn Reatha                         - Béarla amháin

Dámha & Ranna                           - Béarla amháin

Seirbhísí agus Tacaí                      - Béarla amháin

Taighde & Tionscal                       - Béarla amháin

Nuacht & Imeachtaí                      - Béarla amháin

Cairde & Déircigh                        - Béarla amháin

Suíomh & Sonraí Taistil              - Béarla amháin

 

Gan an t-eolas seo liostáilte thuas as Gaeilge, níl aon rogha ag custaiméirí na hollscoile ach an leagan Bhéarla a úsáid chun eolais a fháil faoi na príomhghnéithe den ollscoil. Anuas ar sin, tá an suíomh ag cur amach teachtaireacht tréan intuigthe do custaiméirí, is é nach bhfuil an ollscoil toilteanach nó ábalta déileáil le gnáth-ghnó na ollscoile trí mheán na Gaeilge. Molaim don ollscoil an suíomh a chur go hiomlán as Ghaeilge chomh luath is féidir.

 

Is mise le meas

 

Lionárd Flóid

4 Páirc na bhFia

Crios Mhaoilíona

Co. Mhaigh Eo

 

 

 

 

Dréacht Scéim á hullmhú ag Ollscoil na hÉireann Má Nuad faoi Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

 

Is mian le hÚdarás na Gaeltachta na pointí seo a leanas a dhéanamh maidir leis an scéim nua atá á dhréachtadh:

 

1.           Forálann Alt 11 den Acht go bhféadfadh an tAire, le fógra i scríbhinn chuig          ceann comhlachta phoiblí, a cheangal ar an gcomhlacht poiblí dréacht scéim a             ullmhú agus a thíolacadh dó nó di lena daingniú laistigh de cibé tréimhse ama      (nach faide ná 6 mhí ó dháta eisithe an fhógra) a bheidh sonraithe san fhógra,       ar dréacht scéim í ina sonrófar:

 

              (a)          na seirbhísí a bheartaíonn an comhlacht poiblí a sholáthar

                            (i)           trí mheán na Gaeilge amháin

                            (ii)          trí mheán an Bhéarla amháin

                            (iii)         trí mheán an Bhéarla agus na Gaeilge araon

                                                        agus

              (b)          na bearta a bheartaíonn an comhlacht a ghlacadh chun a chinntiú go                       ndéanfar aon seirbhísí nach soláthraíonn an comhlacht trí mheán na                  Gaeilge a sholáthar amhlaidh

 

              2.           (a)          Sonrófar i ndréacht scéim dá dtagraítear i bhfo-alt (i) na                                                       modhanna cumarsáide atá le soláthar sa Ghaeilge amháin, sa                                        Bhéarla amháin agus sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. 

 

2.           Sa mhéid nach léir dúinn ag an bpointe seo cé na torthaí a baineadh amach sa      chéad dréacht scéim 2005 – 2008 agus nach bhfuil tuairisc ar fáil ar líon na               gcomhlachtaí a bhfuil dréacht scéimeanna á bhfeidhmiú acu ná an staid ina               bhfuil na dréacht scéimeanna sin maidir lena bhfeidhmiú is deacair dúinn               moltaí sonracha a dhéanamh maidir le dréacht scéim nua atá faoi chaibidil.     Feictear dúinn, áfach, go bhfuil sé inmhianaithe agus riachtanach, mar gheall          ar staid leochaileach na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht, go         dtabharfaí tosaíochta ar leith:

 

              (a)          do chomhlachtaí poiblí atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht nó a bhfuil a                                        chuid foirne lonnaithe sa Ghaeltacht nó ag freastal ar phobal na                                       Gaeltachta.

              (b)          do chomhlachtaí poiblí a bhfuil a gcuid oifigí riaracháin lonnaithe                                           lasmuigh den Ghaeltacht ach a bhfuil seirbhísí á soláthar acu do phobal                           na Gaeltachta.

              (c)          do chomhlachtaí poiblí a sholáthraíonn seirbhísí do phobal na                                   Gaeltachta trí chonraitheoirí nó trí chuideachtaí comhairleoireachta.

 

              Bheadh sé tábhachtach ina gcás sin go ndíreofaí aird agus béim ar leith:

 

              (a)          ar an gcumarsáid labhartha/béil idir na dreamanna sin agus pobal na                       Gaeltachta sa réimse iomlán gníomhaíochtaí ina dtarlaíonn an                                          teagmháil leis an bpobal.

              (b)          ar an gcumarsáid chomharthaíochta, fhógraíochta agus phoiblíochta a                     bhaineann le gnóthaí na gcomhlachtaí agus na gcuideachtaí sin.

 

Leagadh síos spriocanna sonracha le amscála ar leith sa scéim dheireanach le seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus baill foirne a chumasú ó thaobh na teanga. Toisc méid agus réimse ábhar na hOllscoile aithnímid gur ar bhonn céimiúil agus forásach a dhéanfar seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil de réir a chéile. Tugadh aitheantas don dúshlán seo trí phost a chruthú mar Oifigeach Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá ról lárnach ag an Ollscoil chomh maith i bhforbairt chúrsaí creidiúnaithe Gaeilge do phobal na tíre agus i gcumasú an phobail i gcoitinne ó thaobh na teanga. Tá sé tábhachtach chomh maith go bhfuil an Ollscoil ag freastal ar phobal na Gaeltachta i Rath Cairn.

 

Le cur leis an chéad scéim molaimid mar chéad chéim in ullmhú na scéime nua go ndéanfaí measúnú cuimsitheach ar na nithe seo a leanas:

 

  • An dul chun cinn atá déanta go dtí seo in oiliúint agus i gcumasú foirne ó thaobh seirbhíse a chur ar fáil trí Ghaeilge nó go dhátheangach faoi mar a bhí leagtha síos mar sprioc sa scéim roimhe seo.

 

  • Anailís a dhéanamh ar na réimsí is mó ina bhfuil dul chun cinn déanta iontu ó thaobh seirbhís dhátheangach a bheith ar fáil iontu faoi mar a bhí leagtha amach sa chéad scéim agus an t-éileamh a bhí ar na seirbhísí sin go dáta. Is bunús a bheadh anseo le tógaint ar sa chéad scéim eile.  

 

Molaimid freisin nach ndéanfaí aon mhaolú ar an tiomantas a tugadh sa scéim roimhe seo le seirbhísí a thabhairt trí Ghaeilge nó go dhátheangach.

 

Is mise le meas,

 

Máire Ní Mhainín

Comhordaitheoir Teanga

 

2007 TARGETS

      We are currently drawing up a draft of our second Language Scheme for NUIM

      and would welcome any suggestions to improve our service to the public in Irish.

      Please click on the link below to see the current scheme.

National University of Ireland, Maynooth, March 2005, Scheme of Compliance with the Official Languages Act 2003

The Official Languages Act 2003

Cuirimid fíor-chaoin fáilte romhat go leathanach eolais na hOllscoile maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ar an leathanach seo, gheobhaidh tú an t-eolas riachtanach ar fad chun thú féin a chur ar an eolas faoi oibleagáidí na hOllscoile faoin Acht. Mar sin féin, má tá ceist ar bith agat nó má tá cabhair ar bith ag teastáil uait, is féidir dul i dteagmháil linn agus déanfaidh muid ár seacht ndícheall cuidiú leat ar bhealach ar bith is féidir.

SPRIOCANNA 2007

TABHAIR FAOI DEARA !

Tá oibleagáid dhleathach orainn faoi láthair comhfhreagras i bhfoirm scríofa nó leictreonach i nGaeilge, a fhreagairt sa teanga chéanna.

    Tá muid ag dréachtadh an dara Scéim Teanga faoi láthair agus cuirimid fáilte roimh aon               aighneachtaí ón bpobal chun fabhas a chur ar ár seirbhísí don phobal i nGaeilge. Cliceáil ar an nasc thíos leis an scéim reatha a fheiceáil.

Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Márta 2005, An Scéim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

 

Last edited: Wednesday, 04-Mar-2009 09:51:47 GMT

Official Languages Act, NUI Maynooth, Maynooth, Co. Kildare/
Acht na dTeangacha Oifigiúla, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Co. Chill Dara
Tel/ Teil: +353 1 708 6620 | Email/ Ríomhphost: sceim.teanga@nuim.ie