Taighde Dána 2023: Na hEalaíona Dúchais sa Saol Comhaimseartha

Friday, October 13, 2023 - 12:00 to Saturday, October 14, 2023 - 17:00
Stiúideo Cuan, An Spidéal, Co. na Gaillimhe 13-14 Deireadh Fómhair 2023

Is tionól ealaíonta é Taighde Dána a dhíríonn ar an gcleachtas cruthaitheach agus ar an machnamh ealaíonta in aonacht. Déanfar plé ann ar ghnéithe éagsúla den chruthaitheacht, den chleachtas, den bhéalaireacht, den traidisiún, is den nuálacht, agus díreofar chomh maith ar an taighde ealaíonta, ina nasctar an gníomh cruthaitheach agus an smaointeoireacht féin go dlúth ar a chéile. Cuirfear meascán de chainteanna agus de cheardlanna ar fáil, agus leagfar béim go speisialta ar an eolas ar leith a eascraíonn as an gcleachtas cruthaitheach féin. Gheofar peirspictíochtaí úra ó réimse leathan ealaíontóirí - damhsóirí, ceoltóirí, amhránaithe, filí, cumadóirí, agus lucht amharclannaíochta ina measc.
Cuirfidh ealaíontóirí traidisiúnta agus comhaimseartha, múinteoirí, scoláirí, agus pobal na Gaeilge i gcoitinne suim mhór in imeachtaí an tionóil agus fáilteofar roimh chách.
Aoi-ealaíontóirí na bliana seo: Síle Denvir agus Aibhse (le Máire Ní Churraoin, Étáin Ní Churraoin agus Caoimhe Ní Fhlatharta), Séamus Barra Ó Súilleabháin, Róisín Seoighe, Colm Seoighe, Cathal Ó Curráin agus Caitlín Ní Churráin, Caitlín Ní Chualáin agus Domhnall Ó Braonáin, Odi Ní Chéilleachair agus Damhnait Ní Fhátharta, Darach Mac Con Iomaire, Róisín Ní Mhainín, Gearóid Ó Dubháin, Nada Ní Chuirrín, agus PJ Sonaí Choilm Learaí.
Saorchead isteach go dtí imeachtaí uile an tionóil, ach is gá clárú roimh ré ag taighdedana@mu.ie
  TAIGHDE DÁNA 2023