SnasTV seolta ag Lárionad na Gaeilge i bpáirt le TG4 Foghlaim

Seoladh SnasTV
Friday, November 10, 2023 - 14:15

Bhí slua mór i láthair ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne Dé Sathairn seo caite nuair a seoladh SnasTV, comhthogra idir TG4 Foghlaim agus Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, a chuireann acmhainní Gaeilge ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí bunaithe ar ábhar dílis ó chláir TG4.

Is forbairt é SnasTV ar an acmhainn teagaisc cheannródaíoch, Vifax, atá ag cur ceachtanna Gaeilge bunaithe ar Nuacht TG4 ar fáil go seachtainiúil le 25 bliain anuas.   Ba í Anna Ní Ghallachair, Iar-Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge a chuir tús le Vifax, bunaithe ar eiseamláir idirnáisiúnta a forbraíodh don Fhraincis in Ollscoil Bordeaux. Ceapadh Anna ina Cathaoirleach ar Bhord TG4 bliain ó shin agus ba í an sheol SnasTV Dé Sathairn, in éineacht le haisteoir aitheanta Ros  na Rún, Niall Mac Eachmharcaigh.

Ba é Vifax an chéad acmhainn teagaisc bunaithe ar ábhar dílis físe a cuireadh ar fáil d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus bronnadh an Séala Eorpach do Theangacha air as an nuálacht agus an cheannródaíocht a bhain leis ag an am.  Mar a mhínigh Ní Ghallachair ag an seoladh, is cumasc é an t-ainm Vifax de na focail ‘Video’ agus ‘Fax’ – léargas ar an teicneolaíocht ar a raibh Vifax ag brath sna luathbhlianta.  Dhéanadh múinteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge taifeadadh físe ar Nuacht TG4 gach Luan ar a 7pm agus chuirtí na ceachtanna chucu ansin tríd an gcóras faics! Agus forbairtí móra tagtha ar chúrsaí teicneolaíochta ó shin, is uasdátú ar Vifax atá i gceist le SnasTV, chun ábhar teagaisc saibhir dílis a chur in oiriúint d’fhoghlaimeoirí  an lae inniu.

Chomh maith le hathbhaisteadh a dhéanamh ar Vifax mar SnasTV Nuacht TG4, seoladh deirfiúr nua léi, SnasTV Ros na Rún.  Tá an tsraith nua seo bunaithe ar an gcur chuige céanna le Vifax ach díríonn sí níos mó ar an nGaeilge labhartha, shóisialta, neamhfhoirmiúil.  Mar a luaigh Stiúrthóir an Lárionaid, Aoife Ní Ghloinn, agus í ag caint ag an seoladh, tá sé aitheanta ag teangeolaithe, go háirithe acu siúd a bhíonn ag plé leis an teangeolaíocht chorpais, go bhfuil difríocht an-mhór idir an cineál teanga a úsáidtear sa scríobh nó sa chaint aonair agus an teanga a bhaineann leis an idirghníomhaíocht shóisialta. Bíonn siar is aniar i gcomhráite neamhfhoirmiúla. Glacann daoine sealanna cainte agus bíonn siad ag comhoibriú le cumarsáid a dhéanamh.Bíonnorthu freagairt ar bhealach cuí do chaint an duine eile, mar shampla, nuair a thugtar dea-scéala, drochscéala, moladh agus araile. Bíonn orthu ceisteanna a chur agus úsáid a bhaint as frásaí nó fuaimeanna áirithe lena thaispeáint go bhfuil siad ag éisteacht leis an té atá ag caint, go n-aontaíonn siad nó go n-easaontaíonn siad lena bhfuil á rá, go dtuigeann siad, go bhfuil siad báúil agus mar sin de.

Deir saineolaithe sa réimse seo, dúirt Ní Ghloinn,  go bhfuil bearna i soláthar acmhainní foghlama don Ghaeilge atá dírithe ar shaintréithe na cainte agus ar an idirghníomhaíocht labhartha.  Is minic a bhíonn deacrachtaí móra ag foghlaimeoirí Gaeilge leis na gnéithe seo den teanga, rud a bhíonn ina bhac acu an Ghaeilge a úsáid i gcomhthéacsanna sóisialta taobh amuigh den seomra ranga. Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha amach sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus in Acht na dTeangacha Oifigiúla cur le líon na gcainteoirí a úsáideann an Ghaeilge taobh amuigh den chóras oideachais.  Más mian linn na haidhmeanna sin a bhaint amach, dar le Ní Ghloinn, caithfear na huirlisí cuí a thabhairt d’fhoghlaimeoirí Gaeilge chun an droichead a thógáil idir Gaeilge na leabhar agus na scoile, agus an teanga bheo, mar a úsáidtear í mar chuid den ghnáthchumarsáid laethúil.  Tá Lárionad na Gaeilge ag súil go mbeidh SnasTV Ros na Rún ina uirlís úsáideach d’fhoghlaimeoirí Gaeilge le cabhrú leo an droichead sin a thógail. 

Beidh SnasTV Nuacht TG4 agus SnasTV Ros na Rún ar fáil saor ina aisce ar shuíomh TG4 Foghlaim agus ar shuíomh gréasáin úrnua, www.snas.ie feasta. Tá acmhainní a bhaineann leis an bhforbairt ghairmiúil do mhúinteoirí ar fáil ar an suíomh nua freisin, agus beidh an tríú rannóg á cur leis an suíomh gan mhoill, le hacmhainní teagaisc agus foghlama a chur ar fáil bunaithe ar shiollabais agus ar leibhéil TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge).

Ghabh foireann an Lárionaid mórbhuíochas leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán agus le COGG a chuireann tacaíocht airgid ar fáil don togra seo.  Ghabh siad buíochas freisin le TG4, TG4 Foghlaim agus le Ros na Rún as comhoibriú leo chun na hacmhainní seo a chur ar fáil.