Láithreán Gréasáin Nua TEG Ag Teacht

Friday, August 8, 2014 - 00:00

Beidh suíomh idirlín nua TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) á sheoladh san fhómhar! Tabharfaidh an láithreán gréasáin nua níos mó eolais faoi leibhéil TEG chomh maith le hacmhainní úsáideacha a chabhróidh leatsa dul chun cinn a dhéanamh sa Ghaeilge. Faigh tuilleadh eolais maidir le TEG ar www.teg.ie nó glaoigh ar (01) 708 6417/3737.

Teastaíonn uainn cur le liosta na n-ionad ina mbíonn cúrsaí atá bunaithe ar TEG á múineadh in Éirinn agus thar lear. Má chuireann tusa nó d'eagraíocht cúrsaí ullmhúcháin ar fáil, cuir na sonraí chuig teanga@mu.ie.