The Language Centre
Dioplóma sa Ghaeilge
Aidhm
Is é cuspóir an chúrsa seo oiliúint sa Ghaeilge a chur ar fáil le go mbeidh siad siúd a ghlacann páirt ann in ann a ngnó pearsanta agus gairmiúil a dhéanamh go cruinn agus go héifeachtach trí mheán na Gaeilge. Déantar gnéithe éagsúla de litríocht agus de shaíocht na Gaeilge a chlúdach chomh maith.
Nóta faoi Stádas
Glactar le Dioplóma sa Ghaeilge ó OÉ Má Nuad in áit onóracha ag an Ardleibhéal sa Ghaeilge san Ardteistiméireacht mar riachtanas iontrála don Chúrsa Iarchéime sa Bhunmhúinteoireacht.
Soláthar agus struchtúr an chúrsa
- Is cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain é seo
- Reáchtálfar an cúrsa in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (Máirt)
agus ar champas na hOllscoile i gCill Chainnigh (Déardaoin)
- Beidh rang 3 uair an chloig ann in aghaidh na seachtaine
- Ina theannta sin, tionólfar trí cheardlann i rith na bliana ina ndéantar cíoradh ar ábhair a bhaineann le saol na Gaeilge (Satharn)
- Caithfidh na mic léinn deireadh seachtaine i gceantar Gaeltachta i mí an Mhárta. Tá costas breise ag baint leis seo.
- Gabhann 60 pointe creidmheasa leis an gcúrsa
Ábhar an Chúrsa
Cuirfear béim faoi leith ar fhorbairt a dhéanamh ar scileanna cumarsáide na rannpháirtithe. Mar sin, díreofar ar na nithe seo a leanas:
- Labhairt
- Tuiscint
- Éisteacht
Déanfar cúram de chruinneas teanga na rannpháirtithe trí dhíriú ar na rudaí seo a leanas:
- Scríobh
- Gramadach
- Aistriúchán
I measc na nithe a ndíreofar orthu sna ceardlanna beidh:
- Saoithiúlacht na teanga (mar shampla, logainmneacha, sloinnte, béaloideas )
- Litríocht na Gaeilge
- An Ghaeilge sa saol comhaimseartha ( mar shampla, na meáin chumarsáide, an tAcht Teanga, an córas oideachais)
An cur chuige
- Beidh obair bheirte, obair ghrúpa, díospóireachtaí ina gcuid lárnach den teagasc.
- Bainfear úsáid as fístéipeanna, agallaimh agus áiseanna ríomhaireachta ar bhonn rialta.
- Seisiúin oibre phraiticiúla a bheidh sna ceardlanna. Beidh deis ag na rannpháirtithe dul i ngleic le cibé ábhar atá faoi chaibidil.
Measúnú
Bliain 1
- Obair leanúnach - 20%
- Scrúdú cainte - 30%
- Scrúdú scríofa - 40%
- Scrúdú cluastuisceana - 10%
Ní mór do rannpháirtithe pas a fháil i scrúduithe na chéad bhliana chun cáiliú don dara bliain den dioplóma.
Bliain 2
- Obair leanúnach - 20%
- Scrúdú cainte - 30%
- Scrúdú scríofa - 40%
- Cur i láthair - 10%
Riachtanais iontrála agus costas
Caighdeán maith Gaeilge idir labhairt agus scríobh. Caithfidh iarrthóirí pas a bheith acu san Ardteistiméireacht (ardleibhéal) nó a chomhionann. Beidh ar iarrthóirí nach gcomhlíonann an riachtanas seo scrúdú a dhéanamh le cinntiú go bhfuil an leibhéal cuí acu sa Ghaeilge.
Costas: €1000 in aghaidh na bliana
Sprioc d'iarratais -
9 Meán Fómhair 2011
Scrúdú iontrála: Lár Mhí Mheán Fómhair 2011
Tuilleadh eolais
Ríomhphost: teanga@nuim.ie