Ar thaitin an Ghaeilge leat ar scoil? An bhfuil tú buartha go bhfuil do chuid Gaeilge ag dul i léig? Ar mhaith leat cáilíocht fhoirmiúil a fháil sa Ghaeilge cé go bhfuil cúrsa eolaíochta nó dlí nó gnó ar bun agat?
Tá an Dioplóma sa Ghaeilge á thairiscint den chéad uair i mbliana do mhic léinn lánaimseartha Ollscoil na hÉireann Má Nuad. Más mac léinn tú i mBliain 2 nó i mBliain 3 in Ollscoil na hÉireann Má Nuad ar mhaith leat do chuid scileanna cumarsáide Gaeilge a athnuachan agus a fheabhsú, beidh an cúrsa seo oiriúnach duit.
Is cúrsa páirtaimseartha é seo thar dhá bhliain acadúil, rang amháin trí huaire an chloig in aghaidh na seachtaine ina ndéantar scileanna teanga a dhaingniú agus a bhuanú. Chomh maith leis sin, bíonn trí cheardlann dírithe ar ghnéithe de shaol agus de chultúr na Gaeilge ar siúl i rith na bliana chomh maith le turas chun na Gaeltachta i mí an Mhárta.
Glactar le Dioplóma sa Ghaeilge ó OÉ Má Nuad in áit onóracha ag an Ardleibhéal sa Ghaeilge san Ardteistiméireacht mar riachtanas iontrála don Chúrsa Iarchéime sa Bhunmhúinteoireacht.
Caighdeán maith Gaeilge idir labhairt agus scríobh. Caithfidh iarrthóirí pas a bheith acu san Ardteistiméireacht (ardleibhéal) nó a chomhionann. Sa chás go mbíonn níos mó na 20 iarrthóir, cuirfidh Ionad na dteangacha agallaimh ar bun chun rannpháirtithe a roghnú.
Líon na n-áiteanna ar an gcúrsa: 20
Táille speisialta do mhic léinn: €75 in aghaidh na bliana
Líon isteach an fhoirm iarratais agus fág isteach in oifigí Ionad na dTeangacha é roimh Déardaoin 16 Meán Fómhair 2010.
Teagmháil
01 708 6417