Welcome to the Department of Geography Maynooth University. Geography is the study of the Earth as our Home. We recognise that society, climate and environment are interlinked and we use interdisciplinary perspectives to explore and understand our human and physical worlds across place, space and time. Our students are taught by international experts seeking answers to fundamental questions about how we live together in our Earth home.

As Geographers we know that human activities challenge the sustainability of our futures on our planet. Humans have changed vegetation, soils and biodiversity throughout millennia. Agricultural specialisation across space shifted our foodscapes from local to global development and allowed cities to develop and flourish.

Cities drive global human connections, but have sealed in the urban pedosphere, disconnecting it from the atmosphere and disconnecting people from nature. In contrast, we drill and mine for oil and coal, reconnecting previously sealed carbon with the atmosphere. Excess atmospheric carbon traps energy, driving rapid climate shifts which make it harder for people and nature to thrive. Geomorphological engineering around agriculture, urbanisation and transport infrastructure has altered hydrological flows and cycles. These changes and alterations can become tipping points to breakdowns.

One such breakdown, the climate crisis, impacts the anthroposphere and the biosphere; life on Earth will change. Climate change forces human migrations, in contrast political boundaries create antagonistic counterforces, and raise issues of spatial justice. Mirrored in nature, wild species need space to migrate into new zones of suitable climate; but habitat fragmentation creates impermeable borders, limiting options for natural spread and raising issues of ecological ethics.

Human migrations will bring new cultural connections across political boundaries, sometimes these will disrupt and sometimes these will integrate into new cultural norms. Mirrored in nature, wildlife and plants are transported by human flows of goods and services, arriving into new ecosystems as invasives, sometimes disrupting and sometimes integrating over time into new altered ecosystems.

We alter physical systems. Our migrations and trade routes have moved earth, water and rock reconfiguring landscapes and their flows and cycles. We use, and then we discard, new waste streams; vast quantities of plastic in oceans, soils and rivers; pollution with no boundaries, connecting cities and trade routes to distant arctic ice sheets, and filling the bellies of countless marine creatures.

The study of our Earth home requires us to consider the interconnectedness of all of these complex issues, and their impacts and feedbacks across societal, physical and environmental systems. The connectedness of system processes through space, place and time is central to geographical study.

Members of the Department of Geography investigate and teach geographies spanning global capitalism and urbanisation (Mark Boyle), rural development (Martina Roche), migration and refugees (Mary Gilmartin), medical geography (Martina Roche), health and wellbeing (Ronan Foley) and waste (Patrick Bresnihan). All of these human aspects can be understood from the perspectives of spatial data (Chris Brunsdon) as well as interacting societal drivers including cultural norms and spatial justice, gender and equality (Karen Till, Louise Sarsfield Collins); local, regional and national politics (Adrian Kavanagh); environmental law (Will Durkan); governance and international geopolitics (Gerry Kearns); and hazards (Lisa Orme). These complex interacting drivers influence strategic planning (Chris van Egeraat) and require mapping (Ronan Foley) and remote sensing (Conor Calahane) to collect data and promote debate and understanding. Of course, all of these human activities in space create our complex relationship with nature. Geographical study of nature and society comprises cultural and political meanings (Patrick Bresnihan, Louise Fitzgerald), understanding of spatial resources such as food systems (Alistair Fraser), and the mechanistic processes of environmental geography.

Our planet supports us. It is equally vital to understand our planet from the perspective of multidisciplinary physical geography. For example, our understanding of climate change relies on data from atmosphere, hydrosphere, pedosphere and biosphere, incorporating complex feedbacks across different parts of the physical system. We are proud to host the Irish Climate Analysis and Research UnitS (ICARUS), a centre for climate research that collects (Peter Thorne), collates (Conor Murphy), and models, climate data from land (Rowan Fealy) and ocean (Gerard McCarthy). Models can be validated against palaeoclimate (Lisa Orme, Nick Scroxton, Helen Shaw) and used to predict future climate and impacts. Our interlinkages with other centres of research in Maynooth, such as Maynooth Social Science Institute (MUSSI) and the National Centre for Geocomputation NCG further expands our scope and interdisciplinarity, allowing for innovative projects such as Terrain-AI (Rowan Fealy). ICARUS research also crosses those wider disciplinary boundaries, investigating social impacts and adaptations, or working with governments to develop mitigation strategies. Of course, environmental systems are broader than climate, and human impacts are broader than climate change. Physical geographers recognise the importance of understanding processes across other important environmental and ecological domains, including natural and human induced processes of change across geomorphological (Steve McCarron), hydrological (Ro Charlton) and ecological (Helen Shaw) sciences.

We are at a critical moment in Earth’s history. How we continue to live on this planet relies on knowledge of how we have lived in, and exploited, nature. What impacts we have had. To what extent have local, regional and planetary systems have been disrupted under human activities? Our future relies on being able to solve the excesses of our disruptions; to maintain resilience. A future seeking sustainability, through all its complexities, controversies and challenges. As geographer this is what drives us.

We are proud to challenge traditional academic and disciplinary boundaries in pursuit of solutions. Our main Arts based degree MH101 provides important options, to specialise in geography through our single majors programme, or to undertake a double majors degree with other subjects in the Faculty of Social Science. Breaking down boundaries is further exemplified by our important cross-faculty degree programme in Biological and Geographical Sciences MH203. This degree programme shares teaching with programmes in the Faculty of Science, promoting awareness of the ecological and environmental dimensions of our planet. Through our degree programmes we train the next generation of teachers, climate scientists, data analysts, cultural geographers and more. We welcome you to talk to us about our great courses with strong career prospects.

Across research and teaching we collaborate with the wider geographical community at Maynooth University including our Faculty, Maynooth Social Science Institute (MUSSI), the National Institute for Regional and Spatial Analysis (NIRSA), and the National Centre for Geocomputation (NCG), an important centre for Health Geoinformatics. We work with national and international academic colleagues as well as government agencies, NGOs and community groups. We believe strongly that knowledge should be shared and co-created. We all welcome collaboration, so please do get in touch.

Fáilte go Roinn Tíreolaíochta Ollscoil Mhá Nuad. Staidéar ar an Domhan ina mairimid is ábhar don Tíreolaíocht. Aithnímid go bhfuil an tsochaí, an aeráid agus an timpeallacht fite fuaite lena chéile agus bainimid úsáid as peirspictíochtaí idirdhisciplíneacha chun iniúchadh a dhéanamh agus tuiscint a fháil ar dhomhan an duine agus ar an domhan fisiceach araon ó thaobh áite, spáis agus ama. Saineolaithe idirnáisiúnta atá ag lorg freagraí ar cheisteanna bunúsacha faoin gcaoi a mairimid le chéile agus faoin Domhan is baile dúinn a mhúineann na mic léinn.

Mar Thíreolaithe tá a fhios againn go gcuirfidh gníomhaíochtaí an duine dúshlán faoi inbhuanaitheacht ár saoil ar an bplainéad seo feasta. Tá athrú á dhéanamh ag an duine leis na milliúin bliain, ar an bhfásra, ar ithreacha agus ar an mbithéagsúlacht. Chuaigh an duine le speisialtóireacht talmhaíochta de réir a chéile, a d’fhág gur athraigh ár réimse bailithe bia ó réimse áitiúil go réimse domhanda agus thug sin deis do chathracha forbairt agus bláthú.
Cothaíonn cathracha naisc idir dhaoine ar fud an domhain, ach is dual do chathracha maintlín na n-ithreacha uirbeacha ─ an peidisféar ─ a theorannú, ionas go ndéantar an chathair a dhícheangal ón atmaisféar agus an duine a dhícheangal ón dúlra. I gcodarsnacht leis sin, déanaimid druileáil agus mianadóireacht le haghaidh ola agus guail, rud a dhéanann carbón a bhí séalaithe roimhe seo a athcheangal leis an atmaisféar. Má bhíonn barraíocht carbóin atmaisféaraigh ann, gabhann sé fuinneamh, as a leanann athruithe gasta aeráide a fhágann go bhfuil sé níos deacra do dhaoine agus don dúlra maireachtáil. Tá athrú déanta ar shreafaí agus timthriallta hidreolaíocha ag innealtóireacht gheomoirfeolaíoch i réimsí na talmhaíochta, an uirbithe agus an bhonneagair iompair. Is féidir leis na mórathruithe agus na mionathruithe seo a bheith ina bpointí claochlaithe sula gcliseann ar chóras.

Cliseadh amháin díobh sin, an ghéarchéim aeráide, tá tionchar aige ar an antrapaisféar ─ domhan an duine ─ agus ar an mbithsféar; athróidh an saol ar an Domhan. Cuireann an t-athrú aeráide iallach ar dhaoine dul ar imirce, i gcodarsnacht leis sin cruthaíonn teorainneacha polaitiúla frithfhórsaí freasúla, agus tarraingítear anuas ceisteanna a bhaineann le ceartas spásúil. Is amhlaidh atá sa nádúr. Teastaíonn spás ó speicis fhiáine chun aistriú chuig criosanna ina bhfuil an aeráid níos oiriúnaí; ach cruthaíonn ilroinnt gnáthóg teorainneacha neamh-thréscaoilteacha, rud a chuireann teora leis an leathnú nádúrtha agus a tharraingíonn anuas ceisteanna a bhaineann le heitic éiceolaíochta. 
Cothóidh imirce an duine naisc chultúrtha a thrasnóidh teorainneacha polaitiúla; cuirfidh sé seo isteach ar noirm chultúrtha uaireanta, agus uaireanta eile feicfear comhtháthú. Is amhlaidh atá sa nádúr. Is iad sreafaí earraí agus seirbhísí an duine a iompraíonn an fiadhúlra agus plandaí go héiceachórais nua, uaireanta mar speicis ionracha a chuireann isteach ar na héiceachórais sin. Uaireanta eile, go háirithe le himeacht ama, feictear comhtháthú idir na speicis nua agus an éiceachóras nua. 
Is dual dúinn córais fhisiceacha a athrú. Tá imirce agus bealaí trádála an duine tar éis talamh, uisce agus carraigeacha a bhogadh, ionas go ndearnadh tírdhreacha, a sreafaí agus a dtimthriallta a athchumrú. Cruthaímid sruthanna nua dramhaíola, agus tugaimid cúl leo ina dhiaidh sin: méideanna móra plaistigh in aigéin, ithreacha agus aibhneacha; truailliú gan teorainn, a nascann cathracha agus bealaí trádála le oighearchlúideacha Artacha i bhfad i gcéin, agus trína líontar an bolg i gcás liosta le háireamh dár gcréatúir mhara.

Chun staidéar a dhéanamh ar an Domhan is baile dúinn ní mór dúinn machnamh a dhéanamh ar a idircheangailte atá na saincheisteanna casta seo go léir, agus ar an tionchar agus an toradh a bhíonn acu ar fud na gcóras sochaíoch, fisiciúil agus comhshaoil. Cuid lárnach den staidéar ar an tíreolaíocht is ea an ceangal idir próisis laistigh de chóras, ó thaobh spáis, áite agus ama. 

Déanann baill na Roinne Tíreolaíochta imscrúdú agus teagasc ar réimsí difriúla den tíreolaíocht a chuimsíonn: an caipitleachas domhanda agus an t-uirbiú (Mark Boyle), forbairt tuaithe (Martina Roche), imirce agus dídeanaithe (Mary Gilmartin), tíreolaíocht mhíochaine (Martina Roche), sláinte agus folláine (Ronan Foley) agus dramhaíl (Patrick Bresnihan). Is féidir léargas a fháil ar na gnéithe daonna seo go léir ó pheirspictíochtaí éagsúla: sonraí spásúla (Chris Brunsdon) tiománaithe sochaíocha atá ag idirghníomhú lena n-áirítear noirm chultúrtha agus ceartas spásúil, inscne agus comhionannas (Karen Till, Louise Sarsfield Collins); an pholaitíocht áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta (Adrian Kavanagh); an dlí comhshaoil ​​(Will Durkan); cúrsaí rialachais agus geopolaitíochta idirnáisiúnta (Gerry Kearns); agus guaiseacha (Lisa Orme). Bíonn tionchar ag na tiománaithe casta idirghníomhacha seo ar phleanáil straitéiseach (Chris van Egeraat), is gá iad a mhapáil agus a bhrath go cianda (Conor Calahane) chun sonraí a bhailiú agus plé agus tuiscint a chur chun cinn. Ar ndóigh, is casta an gaol atá ag an duine leis an dúlra de bharr na ngníomhaíochtaí seo ar fad a dhéanann an duine sa spás. Cuimsíonn staidéar geografach ar an dúlra agus ar an tsochaí bríonna cultúrtha agus polaitiúla (Patrick Bresnihan, Louise Fitzgerald), tuiscint ar acmhainní spásúla mar chórais bhia (Alistair Fraser), agus próisis mheicneolaíocha na tíreolaíochta comhshaoil.
Is taca dúinn an pláinéad ar a mairimid. Tá sé chomh ríthábhachtach céanna tuiscint a fháil ar ár bplainéad ó thaobh na tíreolaíochta fisiciúla ildisciplíní. Mar shampla, braitheann ár dtuiscint ar an athrú aeráide ar shonraí ón atmaisféar, ón hidrisféar, ón bpeidisféar, agus ón mbithsféar, trína n-ionchorpraítear aiseolas casta ó chodanna éagsúla den chóras fisiceach. Is údar mórtais dúinn Aonaid na hÉireann um Anailís agus Thaighde ar an Aeráid (ICARUS) a óstáil. Is ionad taighde aeráide é seo a dhéanann sonraí aeráide ó thalamh (Rowan Fealy) agus ón aigéan (Gerard McCarthy) a bhailiú (Peter Thorne), a thiomsú (Conor Murphy), agus a léiriú i samhlacha. Is féidir samhlacha a bhailíochtú i gcomparáid le sonraí pailéiclíoma (Lisa Orme, Nick Scroxton, Helen Shaw) agus a úsáid chun aeráid agus tionchair sa todhchaí a thuar. Is leithne an scóip agus an deis d’idirdhisciplíneacht atá ann de thairbhe na nascanna atá againn le hionaid taighde eile i Má Nuad, leithéidí Institiúid Mhá Nuad na nEolaíochtaí Sóisialta (MUSSI) agus an Lárionad Náisiúnta um Gheoiríomhaireachta (NCG), ionas gur féidir tionscadail nuálacha ar nós Terrain-AI (Rowan Fealy) a bhunú. Trasnaíonn taighde ICARUS na teorainneacha leathana disciplíneacha sin, chun tionchair agus oiriúnú sóisialta a imscrúdú, nó dul i mbun oibre le rialtais chun straitéisí maolaithe a fhorbairt. Ar ndóigh, tá níos mó i gceist le córais chomhshaoil ná aeráid amháin, agus bíonn tionchar acu ar dhaoine ar shlite a ghabhann thar an athrú aeráide. Aithníonn tíreolaithe fisiciúla a thábhachtaí atá sé tuiscint a fháil ar phróisis i bhfearainn thábhachtacha eile den chomhshaol ​​agus den éiceolaíocht, lena n-áirítear próisis athraithe nádúrtha agus próisis athraithe de spreagadh an duine  ar fud na n-eolaíochtaí geomoirfeolaíocha (Steve McCarron), hidreolaíocha (Ro Charlton) agus éiceolaíocha (Helen Shaw).

Táimid tagtha chuig nóiméad ríthábhachtach i stair an Domhain. Braithfidh an tslí a mairfimid ar an bpláinéad seo feasta ar eolas ar an tslí a mhaireamar go dtí seo sa nádúr, agus ar an dúshaothrú a rinneamar air. Na tionchair a bhí againn air. Cé chomh mór agus a chuir gníomhaíochtaí an duine isteach ar chórais áitiúla, réigiúnacha agus phláinéid? Braithfidh ár dtodhchaí ar a bheith in ann na drochéifeachtaí ón gcur isteach atá déanta againn ar an dúlra a leigheas; chun a bheith athléimneach. Todhchaí ina bhféachfar le hinbhuanaitheacht a chothú, cé go mbeidh castacht, conspóidí agus dúshláin eile le sárú. Seo iad na hábhair a spreagann an tíreolaí.

Is ábhar mórtais dúinn dúshlán a chur faoi theorainneacha traidisiúnta acadúla agus disciplíneacha chun réitigh a aimsiú. Cuirtear roghanna tábhachtacha ar fáil inár bpríomhchéim MH101 atá bunaithe ar na hEalaíona chun speisialtóireacht a dhéanamh den tíreolaíocht trínár gclár céime aon ábhair, nó chun céim in dhá ábhar a dhéanamh le ceann de na hábhair eile i nDámh na hEolaíochta Sóisialta. Léiriú eile ar dheireadh a chur le teorainneacha is ea ár gclár céime trasdáimhe tábhachtach sna hEolaíochtaí Bitheolaíocha agus Geografacha MH203. Roinneann an clár céime seo an teagasc le cláir i nDámh na hEolaíochta, ionas go gcuirtear feasacht ar thaobhanna éiceolaíocha agus comhshaoil ​​ár bpláinéid chun cinn. Is tríd ár gcláir chéime a oiltear an chéad ghlúin eile múinteoirí, eolaithe aeráide, anailísithe sonraí, tíreolaithe cultúrtha agus go leor eile. Bheimis thar a bheith sásta dá dtiocfá chun cainte linn faoinár gcúrsaí iontacha a bhfuil ionchais láidre gairme ag gabháil le gach ceann acu.

Ó thaobh taighde agus teagaisc de, comhoibrímid leis an bpobal geografach i gcoitinne in Ollscoil Mhá Nuad lena n-áirítear ár nDámh féin, Institiúid Mhá Nuad na nEolaíochtaí Sóisialta (MUSSI), an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil (NIRSA, agus an tIonad Náisiúnta um Gheoiríomhaireachta (NCG), ar ionad tábhachtach é don Gheofhaisnéisíocht Sláinte. Oibrímid le comhghleacaithe acadúla náisiúnta agus idirnáisiúnta agus le gníomhaireachtaí rialtais, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus grúpaí pobail. Creidimid go láidir gur cheart eolas a roinnt agus a chomhchruthú. Cuirimid uile fáilte roimh an chomhoibriú, mar sin tar chun cainte linn.