Teagmháil | Príobháideachas | Inrochtaineacht | Méid an téacs: a | A | Low Vision
Sa bhliain 1795 ritheadh Acht trí Pharlaimint Ghrattan agus cruthaíodh acadamh “le hoideachas a chur ar dhaoine den reiligiún Caitliceach Rómhánach nó pápúil.” Socraíodh go mbunófaí an Coláiste nua i Má Nuad, faoi thionchar Dhiúc Laighean, agus le himeacht aimsire ní hamháin gurbh í an Chliarscoil ba mhó in Éirinn í ach ba í an Chliarscoil ba mhó ar domhan í.
I 1896, tugadh stádas mar Ollscoil Phápúil do Choláiste Phádraig, Má Nuad as ucht a chuid cúrsaí sa Diagacht, san Fhealsúnacht agus sa Dlí Cánónach. Tar éis bhunú Ollscoil na hÉireann, rinneadh Coláiste Aitheanta den chóras cónaidhmeach úd de Mhá Nuad sa bhliain 1910. I 1966, osclaíodh doirse Choláiste Phádraig do mhic léinn thuata agus d’fhás an daonra go mear thar thréimhse na chéad tríocha bliana eile. I 1997, cuireadh Dámha na nEalaíon, na hEolaíochta, an Léinn Cheiltigh agus na Fealsúnachta le chéile i gcomhollscoil nuabhunaithe de chuid Ollscoil na hÉireann.
Sa lá atá inniu ann, is ollscoil neamh-shainchreidimh faoi mhearfhorbairt í Má Nuad le tuairim is 8,800 mac léinn inti. Cuireadh forbairtí nua san Airgeadas, sa Ríomheolaíocht, san Innealtóireacht Bogearraí agus san Innealtóireacht Leictreonach le croí-láidreachtaí traidisiúnta na hOllscoile. Breathnaíonn sí uirthi féin anois mar institiúid a nascann stair shaibhir le misean sainiúil in Éirinn mearathraithe na linne seo.