Teagmháil | Príobháideachas | Inrochtaineacht | Méid an téacs: a | A | Low Vision
Is institiúid fhuinniúil tríú leibhéal faoi mhearfhorbairt í Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, le breis is 8,800 mac léinn. Cuireann an Ollscoil cúrsaí fochéime agus iarchéime ar fáil sna hEalaíona, san Eolaíocht, san Innealtóireacht, san Fhealsúnacht agus sa Léann Ceilteach. Cuireadh clár tógála de luach €100 milliún i gcrích le déanaí, as ar tháinig cuid de na háiseanna acadúla agus lóistín mac léinn is nuaí. Tá cuid de na háiseanna taighde is fearr in Éirinn, den dearadh is déanaí, ar an gcampas leis.
Tá Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ar cheann de na ceithre chomhollscoil i gcóras cónaidhmeach Ollscoil na hÉireann. Rianaíonn sí a stair siar go bunú Choláiste Phádraig, Má Nuad, sa bhliain 1795 agus is í an dara institiúid ollscolaíochta is sine in Éirinn. Sa bhliain chéanna, agus mar thoradh díreach ar Réabhlóid na Fraince agus an chíor thuathail ar fud na hEorpa, bunaíodh coláiste i Má Nuad le freastal a dhéanamh ar na céadta mac léinn Éireannacha a bhí gafa i gcoláistí thar lear. Tugadh aitheantas do Choláiste Phádraig, i 1910, mar choláiste aitheanta d’Ollscoil na hÉireann, a bhí nuabhunaithe, agus, i 1997, tugadh stádas dlíthiúil faoi leith do Dhámha na nEalaíon, na hEolaíochta, an Léinn Cheiltigh agus na Fealsúnachta mar chomhollscoil – Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.
Is ollscoil dhinimiciúil nuálach í OÉ Má Nuad anois, le mic léinn ó ghach contae in Éirinn, mar aon le líon méadaitheach mac léinn idirnáisiúnta. 25km siar ó Bhaile Átha Cliath, tá sí suite san aon bhaile ollscoile amháin in Éirinn, Má Nuad, a nascann oidhreacht stairiúil a bhunúis mheánaoisigh le suíomh nua-aimseartha ar imeall Bhaile Átha Cliath, lámh leis na ceannoifigí Éireannacha agus Eorpacha de go leor comhlachtaí ilnáisiúnta ardteicneolaíochta. Tá timpeallacht aici atá suáilceach do mhic léinn ina soláthraítear áiseanna agus cúrsaí múinteoireachta agus taighde den chaighdeán is airde, gan a timpeallacht uathúil, chairdiúil agus phearsanta a chailleadh.
Tá cúig dhámh ag an ollscoil – Dámh na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh, na hInnealtóireachta, na Fealsúnachta agus na hEolaíochta, a chuireann cláir ar fáil ó leibhéal fochéime go leibhéal na dochtúireachta i raon leathan disciplíní, lena n-áirítear na daonnachtaí traidisiúnta, ceol, oideachas, staidéar na meán, síceolaíocht, na buneolaíochtaí, na heolaíochtaí sóisialta, ríomhaireacht agus innealtóireacht leictreonach. Síneann scóip oideachasúil na hinstitiúide i bhfad thar a teorainneacha fisicúla, agus tá sí chun tosaigh san earnáil ollscolaíochta maidir le rochtain níos leithne ar an oideachas a chur chun cinn. Tá campas for-rochtana bunaithe ag an Ollscoil i gCill Chainnigh, agus, anuas air sin, cuireann sí raon leathan cúrsaí, dioplómaí, teastas agus céimeanna ar fáil, ag leibhéal fochéime agus iarchéime araon, in ionaid timpeall na tíre.
Tá an Ollscoil tiomanta do thimpeallacht a sholáthar inar féidir leis an mac léinn foghlaim, forbairt agus teacht chun aibíochta. Táthar ag iarraidh a chinntiú go bhfaigheann na mic léinn ar fad eispéireas a dhéanfaidh maitheas dóibh, ní díreach go hacadúil ach go pearsanta chomh maith, agus go bhfuil an timpeallacht suáilceach go fíor do mhic léinn. Tá an polasaí leanúnach maidir le hinfheistíocht i bhforbairt clár agus cúrsaí nua mar chuid den chothromóid. Tá an infheistíocht leanúnach in áiseanna sóisialta agus siamsaíochta mac léinn a fheabhsú agus a thacú, gach pioc chomh tábhachtach, ag díriú go háirithe ar an tacaíocht chuí a sholáthar do na mic léinn ar fad tríd a saol acadúil, do mhic léinn óga go príomha, a mbíonn an chéad bhliain ar an ollscoil scanrúil dóibh.
Tá Scéim Scoláireachtaí Iontrála ar fáil do mhic léinn ag teacht isteach san Ollscoil, a aithníonn mic léinn a fhaigheann 500 pointe nó níos mó i scrúdú na hArdteistiméireachta. Bronnfar €1,000 ar mhic léinn rathúla ina gcéad bhliain acadúil, tar éis iontrála san Ollscoil dóibh. Lena chois sin, cuirfear áit in áirithe dóibh i gceann d’árasáin champas na hOllscoile dá gcéad bhliain (íocfar na gnáth-tháillí).
Tá céimeanna glactha ag an Ollscoil, chomh maith, le freastal a dhéanamh ar mhic léinn a chónaíonn taobh amuigh de gharlimistéar Mhá Nuad. Bunaíodh busbhealaí laethúla ag freastal ar chuid mhaith contaetha. Tá na seirbhísí bus seo suntasach sa mhéid is go gcuireann siad ar chumas an mhic léinn cónaí sa bhaile ag taisteal chuig an Ollscoil gach lá, a ghearrann siar go mór ar chostais lóistín.
Tá réimse an taighde lárnach do mhisean OÉ Má Nuad. Soláthraíonn Cairt Taighde na hOllscoile an creat institúideach maidir le gníomhaíochtaí taighde a fhorbairt, agus tugann an Oifig Staidéir Thaighde agus Iarchéime tacaíocht do thaighdeoirí. Tá cáil idirnáisiúnta gnóthaithe ag an Ollscoil i sainréimsí éagsúla, as ucht a saineolais taighde i réimsí chomh héagsúil le himdhíoneolaíocht, agra-éiceolaíocht agus spásteicneolaíocht.
I measc na ndaoine iomráiteacha bainteach le hOÉ Mhá Nuad thar na blianta tá:
Is Alumni níos déanaí iad: