Teagmháil | Príobháideachas | Inrochtaineacht | Méid an téacs: a | A | Low Vision
Fáilte chuig Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Ar cheann de na ceithre chomhollscoil i gcóras cónaidhmeach Ollscoil na hÉireann, rianaíonn sí a stair siar go bunú Choláiste Phádraig, Má Nuad, sa bhliain 1795. Is í an dara institiúid ollscolaíochta is sine in Éirinn agus í suite i mbaile a bunaíodh sna meánaoiseanna ach atá anois ina ionad nua-aimseartha, fuinniúil ar imeall Bhaile Átha Cliath, lámh leis na ceannoifigí Éireannacha agus Eorpacha de go leor tionscal ilnáisiúnta ardteicneolaíochta. Tá breis agus 8,800 mac léinn san Ollscoil a bhfuil raon leathan disciplíní inti, lena n-áirítear na daonnachtaí traidisiúnta, ceol, oideachas, eolaíocht, ríomhaireacht agus innealtóireacht leictreonach.
Tá cáil ar OÉ Má Nuad as timpeallacht champais atá suáilceach do mhic léinn le háiseanna múinteoireachta agus taighde den chaighdeán is airde. Tagann na mic léinn ó cheann ceann na hÉireann agus ó bhreis agus 20 tír thar lear. Cuireann líon mór mac léinn lánfhásta agus iontrálaithe ó chláir rochtana faoi leith leis an éagsúlacht seo.
Tá timpeallacht uathúil foghlama ag OÉ Má Nuad, ina gceanglaítear an chuid is fearr dá traidisiúin acadúla agus chultúrtha le cur chuige múinte agus taighde nua-aimseartha nuálach. Cuirim fáilte romhat breathnú tríd ár suíomh Gréasáin agus teagmháil a dhéanamh leis an oifig nó roinn chuí le haghaidh tuilleadh eolais faoin Ollscoil.
An tOllamh Seán G. Mac Aodha
An tUachtarán.