Is institiúid tríú leibhéal bríomhar í Ollscoil na hÉireann, Má Nuad atá ag dul i méid go tapa agus ina bhfuil os cionn 8,800 mac léinn. Tá cúrsaí fochéime agus iarchéime á dtairiscint san ollscoil sna hEalaíona, san Eolaíocht, Innealtóireacht, Fealsúnacht agus sa Léann Ceilteach. Tugadh clár tógála €100 milliún chun críche le déanaí agus mar thoradh ar sin tá na saoráidí acadúla agus an chóiríocht do mhic léinn is nua-aimseartha ar fáil ann. Tá cuid de na saoráidí taighde is fearr in Éirinn le fáil ar campas freisin.
Tá Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ar cheann de cheithre chomh-ollscoil de chuid Ollscoil na hÉireann. Bunaíodh Coláiste Phádraig, Má Nuad i 1795 agus is í Ollscoil Mhá Nuad an dara ollscoil is sine in Éirinn. Sa bhliain sin, agus mar thoradh díreach ar Réabhlóid na Fraince agus ar an gcorraíl a bhí san Eoraip, bunaíodh coláiste i Má Nuad chun freastal ar na céadta mac léinn as Éirinn a bhí fágtha gan choláiste thar lear. I 1910 aithníodh Coláiste Phádraig mar choláiste aitheanta de chuid Ollscoil na hÉireann a bhí nuabhunaithe agus i 1997 tugadh stádas dlíthiúil ar leithligh do na dámha a leanas, na hEalaíona, Eolaíocht, Fealsúnacht agus an Léann Ceilteach mar chomh-ollscoil – Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.
Is ollscoil fuinniúil agus nuálach í Ollscoil na hÉireann, Má Nuad sa lá atá inniu ann ina bhfuil mic léinn ó gach contae in Éirinn agus tá an líon mac léinn idirnáisiúnta ag dul i méid i gcónaí. Tá an ollscoil suite 25km siar ó Bhaile Átha Cliath agus í lonnaithe sa bhaile ollscoile, Maigh Nuad, an t-aon bhaile ollscoile in Éirinn. Baile a chuimsíonn a oidhreacht stairiúil a bhunús meánaoise agus tá an baile suite atá ar imeall Bhaile Átha Cliath anois, in aice le ceanncheathrú Éireannach agus Eorpach iliomad cuideachtaí ardteicneolaíochta ilnáisiúnta. Cuirtear fáilte mhór roimh mhic léinn sa bhaile agus tá saoráidí agus cúrsaí den scoth múinteoireachta agus taighde ann cé go gcoimeádtar atmaisféar pearsanta agus cairdiúil fós.
Tá trí dhámh san ollscoil – na hEalaíona, an Léann Ceilteach & Fealsúnacht; na hEolaíochtaí Sóisialta agus Eolaíocht & Innealtóireacht, ina mbíonn cláir d’fhochéimithe tríd go dtí leibhéal dochtúireachta i raon disciplín lena n-áirítear na daonnachtaí traidisiúnta, ceol, oideachas, staidéar ar na meáin, síceolaíocht, na heolaíochtaí bunúsacha, na heolaíochtaí sóisialta, ríomhairí agus innealtóireacht leictreonach. Téann cúrsaí oideachais na hinstitiúide i bhfad thar theorainneacha fisiciúla na hollscoile, agus bhí Ollscoil na hÉireann, Má Nuad chun cinn go leanúnach san earnáil ollscoile ag cur rochtain níos fearr ar oideachas chun cinn. Tá campas for-rochtana bunaithe ag an ollscoil i gCill Chainnigh agus ina theannta sin, táirgtear raon leathan cúrsaí, dioplómaí, teastais agus céimeanna, d’fhochéimithe agus d’iarchéimithe araon ag ionaid thart timpeall na tíre.
Tá an ollscoil tiomanta timpeallacht a sholáthar ina féidir le mic léinn foghlaim, forbairt agus aibiú. Dírítear ar a chinntiú go mbeidh taithí ag gach mac léinn a rachaidh chun tairbhe dóibh, ní go hacadúil amháin ach go pearsanta chomh maith agus go mbeidh an timpeallacht i bhfabhar an mhic léinn an méid agus is féidir sin. Tá polasaí leanúnach infheistíochta mar chuid amháin den chothromaíocht, cláir agus cúrsaí nua a fhorbairt agus saoráidí nua foghlama agus taighde a sholáthar. Tá an infheistíocht leanúnach i leathnú agus ag tacú saoráidí sóisialta agus áineasa do mhic léinn chomh tábhachtach céanna, agus go háirithe an tacaíocht riachtanach a sholáthar do gach mac léinn i rith a saol acadúil, go háirithe do mhic léinn óga a mbíonn dúshlán mór rompu tar éis dóibh an baile a fhágáil den chéad uair.
Tá Scéim Scoláireachta Iontrála, a thugann aitheantas do mhic léinn a bhaineann 500 pointe nó níos mó amach i scrúdú na hArdteistiméireachta, ar fáil do mhic léinn a théann chuig an ollscoil. Bronntar €1,000 ar na mic léinn a éiríonn leo i rith a gcéad bhliain acadúil, i ndiaidh dóibh dul isteach san ollscoil. Ina theannta sin, beidh áit curtha in áirithe dóibh i gceann d’árasáin na hollscoile ar an gcampas don chéad bhliain acadúil (beidh na gnáthchostais i gceist áfach).
Ina theannta sin, tá tionscnaimh glactha ag an ollscoil chun éascú le mic léinn a chónaíonn lasmuigh de cheantar Mhaigh Nuad féin. Tá bealaí bus laethúla bunaithe a fhreastalaíonn ar raon leathan contaetha. Tá na seirbhísí bus sin tábhachtach mar cuireann siad ar chumas mic léinn leanúint orthu ag cónaí sa bhaile agus iad ag taisteal chuig an ollscoil go laethúil agus mar sin sábháiltear costais go leor ó thaobh cúrsaí cóiríochta.
Tá gníomhaíocht taighde lárnach do mhisean Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Soláthraíonn Cairt Taighde na hollscoile creatoibre institiúide chun gníomhaíochtaí taighde a fhorbairt agus oibríonn an Oifig Taighde agus Staidéar Céimithe raon tacaíochtaí do lucht taighde. Feadh raon réimsí speisialtachta, bhain an ollscoil cáil idirnáisiúnta amach as a seasamh i saineolas taighde i réimse chomh forleathan le himdhíoneolaíocht, agra-éiceolaíocht agus teicneolaíocht spáis.
Áirítear ar na daoine mór le rá a raibh baint acu le hOllscoil na hÉireann, Má Nuad san am atá caite:
Áirítear ar alumni le déanaí: