
Tá áthas mór orm fáilte a chur romhat chuig Ollscoil na hÉireann Má Nuad - téann stair na hOllscoile siar go 1795 nuair a bunaíodh an Royal College of St Patrick i mbaile Mhá Nuad. Inniu, is áit í Ollscoil na hÉireann Má Nuad atá lán le codarsnachtaí suimiúla: áilleacht mhaorga fhoirgnimh na hochtú aoise déag taobh le taobh leis an bhfuinneamh agus an dinimiceas a bhaineann le háiseanna taighde agus teagaisc nua-aimseartha.
Cé gur tháinig athruithe móra ar Mhá Nuad thar an dá aois a chuaigh thart, is é ár dtiomantas don scoláireacht agus don léann fós croílár ár misin. Nuair a roghnaíonn tú Ollscoil na hÉireann Má Nuad, mar mhac léinn nó mar bhall foirne, beidh tú ag obair le pobal scoláirí atá tiomanta don léann agus don taighde. Is lárionad an Ollscoil d'acadóirí den scoth agus is iad a chruthaigh ár gcáil maidir le barr feabhais an taighde agus an teagaisc. Is as tíortha eile trian den fhoireann acadúil agus 15% de na mic léinn, rud a fhágann gur timpeallacht spreagúil d'ilchineálacht chultúrtha agus de fhaobhar intleachtúil atá sa champas.
Féachann Ollscoil na hÉireann Má Nuad amach uaithi, cothaíonn sí teagmhálacha le hearnáil na tionsclaíocha agus leis an bpobal chun freastal níos fearr a dhéanamh ar ár gcuid mac léinn, ar an réigiún agus ar an tír. Tá dlúthcheangail ag an Ollscoil leis an tionsclaíocht: bíonn muid ag obair i gcomhthionscadail taighde le go leor de mhórfhiontair na hÉireann, agus tá aitheantas bainte amach againn maidir le tráchtálú agus forbairt thaighde ár n-acadóirí.
Is údar mórtais ar leith don Ollscoil ár 40,000 céimí a bhfuil poist shinsearacha acu sa teagasc, sa ghnó, sa saol acadúil, sa pholaitíocht, sa tionsclaíocht agus sna meáin go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Má tá tú ag breathnú ar an láithreán Gréasáin seo agus súil agat a bheith i do mhac léinn, i do bhall foirne nó i do chomhpháirtí, tugaim cuireadh duit a bheith linn agus sult a bhaint as an eispéireas acadúil faoi leith atá in Ollscoil na hÉireann Má Nuad.
Le gach dea-mhéin,
An tOllamh Pilib Ó Nualláin
Uachtarán